Sábháil ár mBeacha

Solitary Bee (Courtesy of National Biodiversity Data Centre

Sábháil ár mBeacha…Tosaigh i do scoil
Chun stop a chur leis an laghdú atá ag teacht ar líon na mbeach in Éirinn tá cabhair ag teastáil uainn. Táimid ag iarraidh ort a rá le gach duine cé chomh tábhachtach atá beacha. Chomh maith leis sin, táimid ag iarraidh ort a chinntiú gurb áiteanna sábháilte iad do scoil agus do ghairdín mar áit chónaithe do bheacha.

Cén fáth go bhfuil gá againn le beacha?
Gan bheacha, ní bheimid in ann ár gcuid torthaí agus glasraí féin a fhás agus tiocfaidh meath ar ár gcuid bláthanna fiáine. Ní theastaíonn uainn go dtarlóidh sé sin. Is mian linn dordán na mbeach  díograiseach a chloisteáil agus iad ag gabháil don obair thábhachtach a dhéanann siad ó thaobh pailniú de.

Plean um Pailneoirí

Céard é Pailniú?
Tarlaíonn pailniú nuair a aistrítear pailin ó bhláth amháin go bláth eile. Is é atá i bpailin ná an púdar a bhíonn ann ar an taobh istigh de bhláthanna. Úsáideann siad í chun síolta nua a dhéanamh, is é sin le rá, plandaí beaga bídeacha atá beagnach réidh le fás. Tá an phailin atá ann i mbláthanna áirithe chomh héadrom sin go séideann an ghaoth ó bhláth go bláth í. Bíonn dathanna geala agus boladh milis ag bláthanna eile rud a tharraingíonn pailneoirí chucu chun cabhrú leo, mar shampla, beacha.
Tá líon na bpailneoirí a bhíonn ag eitilt thart ag dul i laghad gach uile bhliain. Caithfimid a chinntiú nach n-imíonn na feithidí seo uainn go deo.

Cad is féidir leatsa a dhéanamh i do scoil chun cabhair a thabhairt?
Táimid ag iarraidh ar gach duine cabhair a thabhairt.  Táimid ag iarraidh ort a chinntiú go bhfuil scaoil s’agatsa ina háit chairdiúil do bheacha. Seo a leanas roinnt rudaí a d’fhéadfá a dhéanamh:

  1. Cuid mhór bláthanna éagsúla a phlandáil i bpotaí nó i gceapacha bláthanna thart ar do scoil.
  2. Tor a dtagann bláth air i dtús an earraigh a phlandáil.
  3. Roinnt torthaí agus glasraí amhail sútha talún, sútha craobh, piseanna, cúirséid nó úlla a fhás.
  4. Lig dóibh fás! Tá dúil an-mhór ag beacha i bhfiailí amhail caisearbháin; dá bhrí sin, lig dóibh fás in ionad iad a bhaint.
  5. Roinnt áiteanna sábhailte a chur ar fáil inar féidir le bumbóga nó beacha aonair a neadacha a dhéanamh.

Caisearbhán

Tá cuid mhór acmhainní ann chun cabhrú leat cabhrú le do scoil a bheith cairdiúil do phailneoirí:
• An leagan sóisearach den Phlean Pailneoirí Uile-Éireann
• Treoir i dtaobh conas gníomhú: Plean Pailneoirí a Fhorbairt do do Scoil
• Cur i Láthair do mhúinteoirí agus do dhaltaí
• Tráth na gCeist, scannáin agus póstaeir
• Má tá aon ghníomhartha déanta ag scoil s’agat féin chun cabhrú le pailneoirí, is féidir leat do scoil a chur le Léarscáil Uile-Éireann na bPailneoirí

An raibh a fhios agat? Is é corcra an dath is fear leis na beacha

Sábháil ár mBeacha ….Tosaigh I do scoil anseo

Chun tuilleadh eolais a fháil féach http://pollinators.ie/schools/

An tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta a chruthaigh agus a chomhordaíonn Plean Pailneoirí Uile-Éireann don Aos Óg.

Chun tuilleadh comhairle a fháil, déan teagmháil, le do thoil, le Dearbhala Ledwidge, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Chill Chainnigh. Uimh. Theil. 0567794925 nó ríomhphost dearbhala.ledwidge@kilkennycoco.ie nó heritage@kilkennycoco.ie

Tá tacaíocht á fáil ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta don ghníomh seo faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht 2017-2021.